School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)den stábhla agus chuir sí brat breágh air. "Anois" ar sise "na hinis don t-sean-fhear gur mise a rinne dhuit é nó beidh an ceann le cailleadh ag an mbeirt againn". "Tá go maith" ar seisean. Tráthnóna nuair a chuaidh sé abhaile d'fhiafraigh an sean-fheairín dhe ar chuir sé brat ar an stábhla 's dúirt mac an ríogh gur chuir.
"Ó! ar seisean "mo bheannacht dhuit féin agus mo mhallacht go béal do mhúinnte". Bhí fhios ag an t-sean-fheairín annsin gur bí an t-inghean a bhí ag déanamh an ghnotha dhó. "Fannaigí an bheirt agaibh ansin go maidin ag coinghabháil cainnte liomsa". D'fhan an bheirt ar an teallach agus chuaidh an sean-fheairín sa seomra in a chodhladh agus an bheirt ag conghabháil cainnte leis ón dteallach. "Anois" ar sa inghean le mac an ríogh "má fhanann muid annseo go maidin beidh an cloigeann le cailleadh ag an mbeirt againn acht anois" ar sise "tá dhá chíste aráin ar an mbort agus tiubhrad (béarfad) cainnt dóibh agus gabhfaidh muid ar ais go h-Éirinn gan fhios dó". "Tá go maith" ar sa mac an ríogh Thug sise cainnt don dá chíste agus bhíodar á choinnghabháil cainnte leis agus d'imigh an bheirt ar chapall. Bhíodar tamall maith ag imtheacht acht fá dhéire dubhairt an t-ingheann le mac an ríogh túirling den chapall. Thug sí gloine dhó(continues on next page)- Collector
- Meleachlán Mac Gairbhín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Colm Ó Corraidín
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway