School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 232
- XML “An Seanfhear agus Mac an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine dhó. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé an fear beag liath na shuidhe a gcathaoir. "Dia dhuit" adeir an fear beag liath. "Dia is Muire dhuit" adeir Mac an Rí. "Is fada an t-aistear ort é a Mhac Rí" adeir an fear beag liath. "Má bhí" adeir Mac an Rí is gearr a bhí mise ag teacht. "Tá obair agam dhuit anois". "Tá sean chró thíos annsin agus chaill mo sean-mháthair fáinne ann fadó agus ba mhaith liom é a bheith agam". "Imthigh leat anois agus bíodh sé agat dhom sul a mbéidh an ghrian ag dul faoi tráthnóna. Chuaidh an fear beag liath síos in aonfheacht leis. Ní rabh sé ag déanamh aon mhaith go dtí am dinnéir. Chuaidh inghean an Ríogh síos le na ndinnéir aige. "Níl tú ag déanamh aon mhaith" adeir inghean an Rí. "Ith do dhinnéar" adeir sí. leis agus béidh an obair déanta agam-sa nuair a bheas tú réidh". Thosuigh sé ag ithe agus nuair a bhí sé réidh bhí an fáinne ag inghean an fhir liath. Chuaidh an cailín abhaile go dtí a h-athair agus d'fhan Mac an Rí na shuidhe go rabh an ghrian ag dul faoi. Chuaidh sé suas go dtí an fear beag liath agus níor innis sé dhó go rabh an fáinne aige chor ar bith. Faoi cheann uair thug sé dhó an fáinne ach bfearr leis an bhfear beag liath gan é a bheith aige chor ar bith. Nuair a bhí sé i n-am aige a(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghaora
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Miceál Ó Ghaora
- Gender
- Male
- Age
- 60