School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 217
- XML “Mac Rí Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)adubhairt sé. “Is gearr go mbéidh muid ag an gcéad theach eile.” Déanfa muid an rud céadna a rinne muid thoir annsin. Chuaidh sé isteach go dtí an fathach. “Is gearr go mbéidh tú ar mo shuipéar agam” adubhairt an fathach leis. “Glac tú fhéin go réidh” adubhairt an fear leis. “Tá Mac Ríogh Éireann amuigh annsin agus é ag fágháil a chuid airm faoi réir le thú a mharbhú.” “Ní bheadh bealach ar bith agat le mé a shábháil.” adubhairt an fathach. “Céard a thiubhras tú dom” adubhairt an fear?" An bhfeiceann tú na bróga sin" adubhairt an fathach. “Nuair a chuirfeas tú ort iad sin ní feicfe ná ní cloisfe aon dhuine thú. Bhí leac mhór ins an urlár mar bhí in urlár an tighe eile. “Leigfe tú síos faoi an leic seo mé” adubhairt an fathach. Thug sé rópa dhó agus dubhairt sé leis a chur ar a mhuineál. Nuair a bhí sé leath-bealaigh síos thug an fear sgian póca amach agus ghearr sé an rópa. Thuit an fathach síos agus buaileadh a chloigeann faoi chloich. Bhí sé ain a dhá leith agus é marbh. Ghlaodh an fear seo isteach ar mhac Ríog Éireann. Tháinic sé isteach agus a mhála ar a dhruim aige. Chruinnig siad an méid airgid a bhí sa teach agus chuir siad sa mála é. D’imigh siad leó. Bhí siad sgathamh maith na suide ar chnocán agus(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14