School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Gabhfa mise ag imirt amharc mo shúl," adeir sé agus cuirfe me geall go n-eireóchaidh liom"
Chuaidh sí [!] ag imirt agus d'éirigh le fear na mbréag.
"Imthigh leat anois agus níl aon bhlas dá bhárr agat ach do shúile a bheith caillte agat" adeir fear na mbréag le fear na fírinne.
D'imthigh leis agus casadh isteach idteach cait fhiadháine é. Bhí cúig tubáin mhóra ar an urlár agus chuaidh sé isteach faoi cheann acu.
D'eirigh leis a dhul faoi thubán Ríogh na gcat. D'fhan sé annsin, agus is gearr gur chuala sé na cait ag teacht. Chuaidh chuile chat acu suas ar a thubán fhéin.
"Innis sgéal" adeir cat acu leis an gcat eile.
"Ní innseochad" adeir sé "ar fhaitchíos go mbeadh aon duine istigh a thiubhradh an sgéal amach."
Chuartaigh chuile chat faoina thubán fhéin ach amháin an Rí.
"Ó, ní leigfeadh an faitchíos(continues on next page)- Collector
- Brigid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 13