Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Pollagh, Co. Galway
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 148
- XML “Seanfhocla na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Is fearr poll ar an onóir ná poll ar an bpotóig"Ba é Bobby Mairtín, nu Ribeird Mairtín, as an Ros, Roscathail, Co. na Gaillimhe adubhairt na focla seo thúas. Caitheadh dubhslán na cuireadh iomhraic chuige lá. Ní fear gunna nu chlaidimh a bhí ann agus níor mhaith leis seasamh leis an gcuire. Bhí sé d'fhaisiun aige gan aon sásamh a thabhairt, agus gan glachadh le dubhslan troda acht an oiread.Lá eile agus é 'na sheanfear thainic a mhac abhaile ar laetheannta saoire ó cholaisde. Bhí an maighistir, Bobby féin, ag treorú an mheithil fear abhí ag deunamh cruach feir dó. Thainic an fear óg isteach san garrdha agus bheannuigh sé na feara. Níor labhair sé faoi an bhféar agus nuair a bhí sé imthighte d'fhiafruigh an sean fear do ná fire oibre ar labhair an mac faoi an bhfear. Dubhradh leis nar labhair. D'ionntuigh sé thart annsin, agus ar seisean
"Duine mar é nác labhrócad pén (?) bhféar
Ní bheidh cruac féir go deo aige féin"
Agus bfior dhó. Chaill an mac an duithche in a dhiaidh sin a cártai agus capallai.- Faisnéiseoir
- Bobby Mairtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rosscahill, Co. Galway