School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)

Location:
An Cartúr Caol, Co. Galway
Teacher:
T. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Page 0033
  3. XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní raibh aon bhó ag aoinne anoir ó Abhainn Chruimlínn acht ag a gcuid searbhónta, ní raibh bainne ag na daoine aon ám acht braon a bhíodh aca san Earrach ó na caoirigh.
    Duine ar bith nach dtiocfadh aca ag cartadh Poll an Mhianaigh, chaithidis an duine sin amach as a theach.
    Sa deireadh bhíodh a bheag no a mhór de airgead le fághail ag daoine agus annsin bhíodh chuile dhuine ag iarraidh obair ann.
    Beithidhigh, caiple, caoirigh no rud ar bith a cuirfidís dúl ann thiubhradh siad leó iad gan cead gan iarraidh.
    Ní raibh faitcios ar na blácaigh roimh aoinne acht roimh Sgorach Glionnán a bhí 'na chomhnuidhe shuas ar an sliabh 'n-áit a bfuil tigh "Eoin" anois. Bhí an Sgorach seo chomh láidir le duine de na Fianna. Is minic a chuir sé ruaig ar na Blácaigh nuair a bheidis a iarraidh beithidhigh no caoirigh a chrochadh an bealaigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Cúaláin
    Gender
    Male
    Age
    56
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway