School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Page 0225
- XML “Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt fear eicint leis an sagart go raibh siad ag teacht. "Feicfidh muid má thagann" ars an Sagart. Bhris sréanta an capaill annsin agus d'imchigh an dá capaill abhaile agus d'fág siad Gunning agus an báille i lár an bóthari agus ó'n lá sin amach níor bhac sé le Tadhg Bacach.
Bhí tighearna talamh darab Lampuirt i gCaisleán Lampuirt lámh le Bla an Riogh agus bhí sé comh holc leis an Diabhal féin agus nuair a fuair sé bás ní tairneóchaidh na capaill. Bhí siad dá bualadh agus ag iarraidh ortha siubhal in ainm Dé agus ní shiubhalfadh siad coiscéim. Bhí duine an a bhí comh dona le Lampurt fhéin agus d'iarr sé ortha siubhal in ainm an diabhail ag rít siad leo chomh mear is a bhí in a gcosa agus is cosamhail gur chuig an diabhail a thug siad é.
Bhí clannaigh na dtighearaigh annseo ar feadh trí nó ceathar de ghlúntaibh. Níorbh fhéidir iad a dhíbirt go dtí gur thug muintir na gunnaí amach agus gur(continues on next page)