School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Page 0183
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach agus thug an fathach leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead dhí dul dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Bhí go maithnó gur raibh sé imthightghthe agus do chuaidh sí isteach ann. Nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil ach san am céadhna buaileadh an doras agus tháinic fear beag isteach. Thug sé buidéal beag dhí agus chaith sí braon de'n buidéal ar a lámha agus d'imthigh an fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach líon sé mála óir agus chuaidh sé amach arís. Nuair a fuair an cailín imthighthe é chuir sí an mála ar a druim agus thúg sí léithe é isteach ins an seomra agus chaith sí braon de'n bhuidéal ar an gcailín eile agus bhí sí beo. Nuair a tháinic an fathach isteach chuaidh sí síos ins an mála agus chaith an fathach an mála isteach ins an teach. An lá i na dhiaidh chuaidh an ceann eile síos ins an mála agus ní raibh 'is ag an bhfathach ariamh é nó gur thug sé an truír aca go dtí an domhan thiar arís.
- Collector
- Pádraig Ó Bhailís
- Gender
- Male
- Address
- Old Church Street, Co. Galway