School: Crois-Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois-Bhóthar
- XML Page 0319
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair abhí ár Slánuightheoir, a Mháthair agus Naomh Seósamh ag dul thart timcheall na tíre lá, chaill an Mháthair Bheannuighthe an biorán abhí ar a cóta. Tháinig siad annsin to dtí gabha agus d'iarr an Mháthair air biorán a dhéanamh dí. Thóg an gabha píosa airgid amach as a phóca agus rinne sé an biorán b'áilne dá bhfaca tú ariamh agus thug sé dí é. Thug sí a beannacht dó, agus deirtear nach bhfuil sé ceart rud ar bith a thógáil as ceárdhcain ó shoin.Seo sgéal eile: -
Nuair a bhí Íosa le bheith céasta ní raibh aon tairnghní ag na Giúdaigh agus d'iarr siad ar ghabhainn iad a dhéanamh dóibh acht ní dhearnaidh sé iad dóibh.
Annsin d'iarr siad ar thincéir iad a dhéanamh dóibh agus dorinne. Sin é an fáth go bhfuil na tincéaraí(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Ciaragáin
- Gender
- Male
- Address
- Kilcreevanty, Co. Galway