School: Crois-Bhóthar

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois-Bhóthar
  2. XML Page 0270
  3. XML “Pisreogaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    4. Nuair do bhéadh fear ag dul chuig aonach níorbh mhaith leis bean a chasadh air - go mór-mhór bean ruadh. Cheapfadh sé nach
    mbéadh aon ádh air ar an aonach.
    5. I dteach a mbéadh leanbh óg innte, ní rachadh an mháthair amach gan an tlú a fhágáil treasna an chliabháin ar eagla go dtiocfadh
    na sidheógaí is go dtiubharfadh siad an páisde beag leó.
    6. Ag an teine cnámh, La 'le Sheáin, ní rachadh daoine abhaile gan splannc teine a thabhairt leo agus é a chaitheamh san ngáirdín,
    ionnus go mbéadh na fataí go maith aca an bhliadhain dar gcionn.
    7. Cearc agus traithnín in a cois aici, sin comhartha go bhfuigheadh cara duit bás i gcionn tamaill.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Flaitheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Tonlegee, Co. Galway