School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Location:
Newtownsmith, Co. Galway
Teacher:
Sr M. Colmán
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Page 0017
  3. XML “An Chailleach Bhéarach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Chailleach Bhéarach
    ----
    Bhí bean ann fadó agus 'An Chailleach Bhéarrach an t-ainm a bhí uirri. Bhí sí in a cómhnaidhe i nGort a'Chaladh agus bhí draoidheacht aici.
    Gach bliadhain bhíodh sí a' marbhughadh fear. D'iarr sí fear a' baint fhéir gach bliadhain agus mharbhuigh sí gach ceann aca. D'iarr sí fear uair agus bhí faitchíos mór air go mbarbhóchadh sí é. Bhí an fear seo pósta agus d'innsigh sé a sgéal dá mhnaoi.
    'Sí an sórt bean a bhí innti ná cailín as Muigheó a tháinig a' lorg oibre. Nuair a tháinig sí go dtí an teach seo choinnigh sé fhéin agus a athair í mar chailín aimsire. Tar éis tamaill pnós an fear óg í agus mhair an triúr go sona sásta.
    Nuair a d'innsigh an fear dí go raibh an Cailleach Bhéarach ghá iarraidh dubhairt sise nach mbeadh an Cailleach i ndon é a mharbhú dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sí féin leis.
    Dubhairt sí leis annsin a dhul go Muigheó agus bhí gabha ann a raibh an-cháil air. Dubhairt sí leis a rádh leis an gabha seo speal a dhéanamh dhó agus fobhairt a chur ann le allus a mhalaí agus deich mbior iarann a dhéanamh dó.
    Bhí go maith, d'imthigh leis go dtí an gabha agus nuair a tháinig sé chuige, d'fhiafruigh an gabha dhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
          1. Hag of Beara (~28)
    Folktales index
    AT0820: The Devil as Substitute for Day Labourer at Mowing
    AT1090: Mowing Contest
    Language
    Irish
    Informant
    Stiophán Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway