School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- XML Page 0004
- XML “Éadaí”
- XML “An Táilliúir”
- XML “Píosa faoin bhFíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubha agus breaca. Caitheann na cailíní óga córaí móra de gach sórt agus bíonn gúnaídeasa orra freisin. Gach lá eile den t-seachtmhain bíonn sean-ghioballacha d'éadaigh ar gach duine. Bíonn sean-chóraí dearga ar na sean-mhná agus cuid acu dhá dtarraingt ina ndiaidh ins na lathaigh agus bíonn na fir agus na buachaillí is na cailíní ar an gcaoi chéadhna, ach caithfidh siad a gcuid oibre a dhéanamh is cuma cén chaoi a bheas siad.
- Cualas píosa faoin táiliúr ag m’athair. Seo é é. A tháilliúr is mhacaidh! Nach sundaí a d’fhiafrthá bean, gan lúb, gan poca, ná níbh ar bith eile in do theach. Ach do shiosúr, is do mhiosúr is tú a’ dul faoin tír amach. A tháilliúr a’ mhachaidh, ní phósfaidh mé tú mar fhear, ach pósfaidh mé an talmhaidhe a chuireas go domhain a teach a eirfheas ar maidin, is a chraithfeas an t-slí i gceart, is nach suicheann cois doras a feadaithl nó a puaiceadh na gceart.
- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- "Maith í an óil ag fear caitheadh na spóil,
An figheadóir is Mac Muire dhá chúmhdach;
'Sé chuirfeadh brat bán ar fir is ar mhná
In a gcodhladh, in a seasamh, is in a ndúiseacht.(continues on next page)