School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tuairim is sé reiligí sa bparáiste againnn. Tá ceann i gCeathramha an Bhrúnaigh agus is "Lisín Dháithe" a tugtar air. Tá ceann i gCillín agus "Reilig Chillín" a tugtar air. Tugtar "Reilig Bhaile an Treasna" ar cheann eile. "Teampall Shiubháin Ní Laighin", "Múr-Ros-Cham" agus "Reilig Mhionnluigh" a tugtar ar chin eile. Cuirtear daoine i ngach ceann aca fós ach amháin i "dTeampall Shiubháin Ní Laighin". Tá cuma dronuilleógach orra ar fad.
Níl aon fhothrach ar bith in aice na reiligí ins an bparáiste seo againne, ach tá roinnt fothracha cóingaracha d'óibh. Tuairim is ceithre chéad slat ó reilig Cheathramha an Bhrúnaigh tá fothracha de chaisleán na mBrúnach, dream a bhí in a gcómhnaidhe san áit sa seachtmhadh aois déag.
Tá na reilige ar fad leibhéalta ach amháin go bhfuil roinnt clocha annseo agus annsiúd ionnta. Níl aon chran nnó tor ionnta anois. Bhí cúpla ceann ann ach nuair a d'eirigh siad sean bhain na fir iad nuair bhí siad ghá nglanadh. Tá roinnt sean-chroiseanna ann fós ach tá na daoine a'cur croiseanna móra cloiche agus ainmneacha na ndaoine atá caillte scríobhtha orra, ós cionn gach uaight.
Bhíodh tuambaí i gcuid de na religí fadó agus bhíodh an duine caillte curtha isteach ionnta.(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway