School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0236
- XML “Triúr Iníon na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a reidhteach dhí mar gníodh sí caon trathnóna eile. Bhí sí ina suighe i gcathaoir bhreágh sóchamhlach agus ní i bhfad a bhí an cailín a gabháil dá ceann núair a thuit sí in-a codhladh. "Seo i mo dheis anois," ars an cailín,
" féachfaidh mé c'én taisge atá sa simléar." Breathnughadh sí suas an simléar agus céard a bheadh ann acht mála óir. Sé 'n céadh maith a rinne sí e a thabhairt 'un talmhan, agus an dara maith bhreith ar an t-slatín draoidheachta as almhóir na seanmhná agus buille a bhualadh ar an dhá cloich ghlasa, mar bhí fhios aici cé a bhí ann ó chainnt na seanmhná féin. D'éirigh a bheirt deirbhshúir cuici aniar agus an tsean-bhean chómh maith leo. Acht ba mhaith an maise do mo chailín é. Bhí an tslaitín draoidheachta faoí réir aici agus roinn leis an tsean-bhean í. Bhí an sgéal réidh annsin fághadh in-a cloich glasa í. Ba mhaith an la do'n truir inghean na baintreabhaighe é. Ní fhacadar lá bocht arís lé na mbeo, agus ní dhéachadar faid coismeit coiligh ó'n teach aríamh ní ba mhó gan beannacth a máthair.- Informant
- Cáit Ní Oisín
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Anbally, Co. Galway