School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0235
- XML “Triúr Iníon na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhéile leis an t-sean-bhean bocht agus dubhairt sise go mbeadh a shliocht uirthi. Casadh sa teach ceadhna lé na beirt deirbhsiúr í agus rinne sí an margadh leis an
t-sean-bhean. Go moc ar maidin la'r na maireach thug an tsean-bhean séalán dhí, agus dubhairt léithe a lán uisge a thabhairt chuici ón tobar. Rinne sí mar h-aithnigheadh sí, acht ní túisge a bhí an séalán lán ná bhí sé follamh arís. Ní choinneochadh sí deoir. D'fheach sí leis arís acht thárla an cleas ceadhna. Annsin chuala sí glór íseal a rádh, "Cuir mam d'en ruide bhuidhe ann agus beith leat." Níor léithe a b'fhaillighe agus ní bfuightheá bean ba mhó iongantais ná an tsean-bhean núair a shiubhal mo chailín isteach agus lán a tséalán d'uisge aici. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Tar eis tamaill ní raibh beirt ar bith ba mhó lé chéile na í féin agus an tsean-bhean. Bhí cead a láimhe sa teach aici, acht chuir an tsean-bhean fainic uirthi ar a bhfacha sí aríamh gan breathnúghadh suas sa simléir. Gheall mo chailín nach mbreathnóchadh, acht thairis sin bhí aireachas maith dhá choinnéal ag an tsean-bhean uirthi. Amach sa samhradh a bhí ann agus tháinig la an brothallach. Bhí an tsean-bhean sathach tugtha a'tigheacht d'on trathnóna, agus d'iarr sí ar an gcailín a ceann(continues on next page)- Informant
- Cáit Ní Oisín
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Anbally, Co. Galway