School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0070
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt an cat nach racfadh sé níos fuide go bfaghfadh sé trí buidéal bainne dhó. Fuair an fear an bainne agus nuair fuair an cat an bainne d'imthigh sé leis agus ní fhaca an fhear níos mó é. Thosaigh sé ag obair arís agus bhí sé tuairim an fhaid ceadna ag obair nuair a casadh easóg leis "Cén diabhal atá tú ag dhéanamh", ars an easóg go feargach leis, "Níl mé ag déanamh rud ar bith acht ag toraidheacht ar trí crocáin oir atá istigh annseo." Chuir an easóg sgairt gaire as agus dubhairt sé nach raibh ór ann. "Thug tú h-eitheach", ars an fear, "Nar innsigh an cat mór agus an t-íasg go raibh sé ann." "O!" ars an easóg, "An raibh tú ag cainnt leis an iasg agus leis an cat" "Bhíos", ars an fear. "Gabh amach anois" ars an easóg agus tabhair coinín óg dom-sa". Fuair an fear an coinín agus thug sé dhó é. Nuair a fuair sé an coinín d'imthigh sé leis agus thosuigh an fear ag obair arís. Ní raibh sé í bhfad ag obair nuair a bhuail an laidhe í gcoinne rud eicín cruaidh. Céard a bhí ann ach cloch mór leathan. D'iompuigh sé é agus céard a bhí istigh faoí ach na trí crocaí óir. Bhí an chloc mhór in a bealach agus bhí sé dá impuidhe amach nuair rith isteach an t-íasg agus shuidh sé ar cheann de na crocaí agus in dhiaidh sin an cat agus an easóg agus shuidh síad ar an dhá cheann eile. Shíl an fear go raibh síad cuig uaire níos mó ná mar bhí síad í dtosach.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Informant
- Padhraig Ó Conaill
- Other names
- Padhraig Ó Conaill
- Tomás Aodh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Bohernamackagh, Co. Galway