School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0068
- XML “Tomás na gCloch”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)méadhchain a bhí sa gcloich sgiorr a cos uaithi agus thuit sí agus chuir sí béic aistí. Cloiseadh an béic i mBun-an-Tobair. Tá a h-ainm sgríobhtha ar an gcloich sin i nDroichead Baile Chláir, "Máire Ní Oisín".
(no title)
“Bhí coláiste i mBun an Tobair fadó.”
Bhí coláiste i mBun-an-Tobair fadó. Bhí Easbog ann agus bhí fear agus fiche mac-léighinn aige. Aon Dómhnach amháin sul a thug an t-easbog an Sacraimint Naomhtha dóibh chuaidh sé siar go "Abhainn Bháidhte" agus d'fhan sé uair a chluig annsin ag léigheamh leabhar. Shiúbhal sé ar an uisge nuair a bhí sé ag teacht arais. Nuair a tháinig sé ar ais go dtí an coláiste bhí fear imthighthe. Ba mac le na dearbhratháir fhéin a bhí imthighthe le bheith pósta le bean Protastún a bhí sé. Níor fhéad an t-easbog an fear a fheiceál go ceann leath-bliadhna. Lá amháin bhí sé amuigh ag siúbhal agus casadh leis é. Bhí cóisde aca agus bhí a bhean sa gcóisde leis. "Tá tú gabhtha anois a bhuachaill" ars an t-easbog, "céard a rinne tú ar chor ar bith" "Rinne mé rud a rinne thú féin go minic" ars an fear. "Céard é" ars an t-easbog. "Thóg mé duine as an diabhal, ionntuigh mo bhean ina Caitliceach" ars an fear. "Imthigh leat" ars an t-easbog, "ní bacfaidh mé leat".- Collector
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Gender
- Female
- Address
- Bunatober, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Bunatober, Co. Galway