School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níor chlis geasa ariamh orm," ar seisean, "agus má d'iarrais orm ba a chur ar do dhúithche, níor íarrais orm iad a fhágháil ann."
Bhí go maith. D'imrigheadh an dara cluithche agus is é an mac ríogh a bhuaidh é.
"Cé'n geasa a chuirfeas tú orm?" ars' an draoidheadóir dearg.
"Cuirim mar gheas ort" ars' an Mac Ríogh an bhean is breaghtha agus is áilne sa domhan a thabhairt chugam annseo faoi cheann uaire an chluig agus gan cead agadsa nó ag aon duine eile í a bhaint díom go deó. nó muna dtiubharfaidh tú, bainfe mé an ceann díot."
"Is fusa sin a dhéanamh ná mo cheann a chailleadh" ar seisean, agus ar iompódh do bhoise chonnairc an mac ríogh an bhean ba bhreághtha agus b'áilne dá bhfaca sé ariamh le n'ais agus is beag nár bhain sí an t-amharc as a shúilibh bhí sí comh breagh sin.
Thosaigh sé féin agus í féin a' cómhrádh le chéile agus is beag an tsuim a bhí aige feasda sa draoidheadóir dearg ná in-a chuid cártaí. "Bíodh cluiche eile againn," ars' an draoidheadóir faoi dheireadh.
"'Sí mo chomhairle-sa dhuit," ars' an bhean uasal, "gan imirt leis." "Níor chuir a leithide éan fhaitchíos ormsa ariamh" ars' an mac ríogh, "agus is ceart dom an tríomhadh cluithche imirt leis."(continues on next page)- Collector
- An tSiúr M. Pól Ní Cheanndhubháin
- Gender
- Female
- Address
- Headford, Co. Galway
- Informant
- An tSiúr M. Íde Ní Mháille
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Headford, Co. Galway