Scoil: Eanach (An Mhainistir) (uimhir rolla 11675)
- Suíomh:
- Annagh, Co. Galway
- Múinteoir: An Br. Mac Ualgairg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eanach (An Mhainistir)
- XML Leathanach 0033
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta.
Cúpla lá ó shoin tháinic sean-fhear isteach sa scoil. D'inneas sé trí scéalta deasa dúinn. Seo é an céad scéal a innis sé dhúinn:- Bhí sean fhear ann uair amháin agus bíodh sé ag dul thart ag íarraidh deirce. Bhí sé i gcómhnuidhe ag tarraint ar teach feilméara. Bhí páisde beag sa teach sin agus bíodh an sean fhear ag bogadh an leanbh ins an gclíabháin gach lá.
Dfhág an sean-fhear an baile in a dhíaidh tamaill agus níor tháinic sé ar ais go ceann na blíanta. Núair a d'fhill sé arís bhí an leanbh fásta súas in a fhéar [!] óg. Chodail an sean fhear i tighe an fhir óig oidhche amháin. Sul a ndeachaidh an sean fhear chun codhladh an oidhche sin d'íarr an fear óg air cá mbéadh sé ag dul an lá (lá) in a dhíaidh sin agus d'innis an sean fhear dhó.
Déirigh an fear óg go moch an maidin in a dhíaidh agus goid sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mheachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ballinvoher, Co. Galway