School: Bun an Fhionnghlaise (roll number 11454)

Location:
Bunnafinglas, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Maoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0127, Page 16

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0127, Page 16

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun an Fhionnghlaise
  2. XML Page 16
  3. XML “Mal Dubh an Ghleanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nach é Mal Dubh an Gleanna an óg bruinneall mhaiseach
    Ag ar dhoirt mé mo gean go léir dhí.
    Is beo ní bhéidh mé i bfad mara bpósaidh mé mo fearc
    Is gan bó ar bith a glacan leithe
    Ta a ceol sidhe gan stad le na meara míne geala
    Is téadra ciuine cearta ar cláirsigh
    Tá a cúilín breagh clannach ina bubíní a' casadh
    Is tá na cuacha uilig ag seinm saoil dhí
    II
    A ógánaigh! a thug taithneamh do Mail Duibh an Ghleanna
    Nach claoidhte lagmarbh ata tú
    Is fós riamh ní fhachadh do stóirín le mealladh
    Is gur sporrtín do fheara Fáil thú
    Níl sin mac marcaigh ó Vaile Átha Cliath go Gaillimh
    Ó Coircaigh go dtí Umhall Uí Mháille
    Nach bhfuil ag tarraingt cun an gleann ar eachtadh donna dáithth [?]
    Ag dréim leis mnaoi dhuibh is áilne
    III
    Nach lághach críona an mheach tráth gníonn sí nead
    Le méin is le teas an Fhóghmhair
    Acht ó críonuigheas an t-slat ní bhíonn uirri meas
    Ní hé sin do'n chrann is óige
    Siúd é mo theach níl díon air ná sgraith
    Acht e déanta le h-ais an bhothair
    Dioghbháil na bhfear a dfágaidh orm lear
    Is sgaoilim mo bheannacht leobhtha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic An Ultaigh
    Gender
    Female
    Address
    Roosky, Co. Mayo
    Informant
    Antoine Mac An Ultaigh
    Gender
    Male
    Address
    Roosky, Co. Mayo