Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)

Suíomh:
An Doirín, Co. Mayo
Múinteoir:
Seán Mac Cárthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Doirín
  2. XML Leathanach 141
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí trí cathaireacha no dúnta móra in acaill fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus 4½ tr leithead ceann eile 9 dtr ar fhaid agus 4½ ar leithead. Tá an tríomhadh ceann 10½ ' ar fhaid agus 9' ar leithead. Is dócha go raibh sé seo mar cludach ar an uaigh. Tugtar an Liagán ar an uaigh seo de ghnáth.
    Timcheall 1/8 míle siar ó thuaidh uaidh seo sa Caol tá rian de claidhe – an "Claidhe Lochlannach" a tugtar air. Ritheann an falla seo nó go sroicheann sé crom leac atá 11 slat taobh theas de threórainn an Chaoil agus Dubhghuirt. Séard atá ann ná ciorcail déanta de 16 clocha agus iad ina seasamh. Tá an treasnán 12'. Taobh ó dheas uaidh seo tá uaigh cearnógach agus leac dá clúdac. Timpeall ar an léic seo tá pilléir/columhna cloiche. Ritheann an claidhe 20 péirsí siar agus tá críoch leis i sean roilig eile. Uaigheanna cearnógacha atá san roilig seo freisin ach tá siad sgriosta ag na daoine. Bhaineadar feidhm asta mar fhiailtheáin (cró i gcóir uan)
    Tamaillín beag siar uaidh seo tá a lán caisn? de chré. Tá log i ngach ceann acu seo ar ainbárr Deirtear gur b'é bhí annseo na tornóg (kiln) san t-sean aimsir. Sé an rud is dóichighe ná gur áit cun na marbh a cur a bhí ionnta.
    In aice le Sliabh Mór tá cillín nó roilig bheag agus séipéal atá fé choimirce Naoimh Cholmáin. Ar an dtaobh thuaidh tá cros atá loitighthe go mór. Seo mar a thárla.
    Tháinic ceathrar fathach isteach i n-Acaill agus sgriosadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge