Scoil: Tír na Sligeach (B.) (Tiernasligo) (uimhir rolla 16107)
- Suíomh:
- Tirnasligo, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fir ag iasgaireach idir Muca-Chuaca agus Oilean Glas - Éadaig agus bhí siad ag fághail iasgaireach bréagh. Chuir fear amháin amach dubhan agus mhothuigh sé rud éigin teacht ar an dorugha agus tharraing sé aníos é. Nuair a tharraing sé aníos é chonnaic sé slat a phota agus annsin an pota ag teacht aníos. Le sin chualaidh sé sgread. "Ó mo chuid paistdí ata sgallta is dóighte". Leig an fear sgread eile as agus rith sé suas go cheann an bháid. Sgairt an fear a bhí ar an stiúr leis suidh in áit a rabh sé. Bhí fhios ag an fhear stiúrach go rabh iasg a ghcearr ortha nuair a thainig an pota aníos. D'éirig sé de'n stiúr thóg sé an pota isteach sa bhád. Beir sé ar an trosg is féarr a bhí sa bhád, bhain sé an cheann de, bhain sé an meanna as, nigh sé sa toinn é agus chuir sé isteach sa phota é. Leig se síos an pota san fhairrge. Baineadh an dubhan d'en phota(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ua Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Letter, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Péigí Ní Shearcaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Tullagh, Co. Donegal