School: Druim Caoin

Location:
Drumkeen, Co. Donegal
Teacher:
Seán A. Ó hArthaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim Caoin
  2. XML Page 141
  3. XML “Scéal - Leigheas Abhann i nGleann Eithne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal: Léigheas abhainn í nGleann Eithne.
    Bhí beathaidheach na chomhnuidhe idir Chlochar-na-nGabhar agus Loch Dhrum an Aonaigh, agus bhí sé ag deánamh ann scrios ar na daoiníbh uilig. Lá amháin tháinic Colmcille leis an bheathaidheach a mharbhadh agus bhí a chlaidheamh aige. Thoisigh an troid eatorrtha agus thobair [> d'fhóbair] gur mharbhuigh an beathaidheach Colm, acht fuair an naomh an bhuaidh air 'san deireadh agud d'fhágh sé an beathaidheach marbh ag a chosaibh.
    Sul a dtáinic Colmcille fuair sé gealltanas ó naomh eile go mbéadh seisean leis le cuideadh a thabhairt dó, agus nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé ar mire leis an naomh eile cionnus nach dtáinic sé. Nuair a fuair sé go dtí Gleann Eithne casadh an naomh eile dó, agus bhí Colmcille comh feargach sin leis go rabh sé 'dul a mharbhughadh.
    D'iarr an fear eile air an claidheamh a nigheadh 'san abhainn a bhí comhgarach ar dtús, agus nuair a bhí an claidheamh nighte aige d'imthigh an fearg dó.
    Duine ar bith go mbíonn fearg air ma theidheann sé fhad leis an abhainn imthigheann an fearg ar a' bhomaite
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán A. Ó hArthaighe
    Gender
    Male
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal