School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na tíre rompa agus tugadh sgéala d’Ua Chonchubhair ann a dhún-árus [go]? rabh Ua Domhnaill go na shluagh chuig Ba mhór an Sgannradh do-san an tuairisg sin agus chár fhan le teacht flatha Thírchonaill na le na athardha do chosaint; acht do theich le gan mhoill gan mhailltriallán, agus Ghaill ann aoinfheacht leis, na ba mó a bhí fhios aca nach rabh ionnta seasamh ós coinne airm Aodha Ruadh. Mar sin de ar rochtain d’Ua Domhnaill maille le na shluagh go Caisleán Ua Chonchubhair chan fhuaradar ann triath no giolla, nó fós crodh, no caora, éadáil nó airnéis. Bhí an uile rud glannta amach rompa. Chá dearnad acht aibhleog do chur leis an chaisleán agus a dhóghadh go talamh. Chuir Aodh Ruadh amach, thar éis sin, sgeimhealta agus creachadóirí ar feadh na tíre(continues on next page)