Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 86

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 86

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 86
  3. XML “Sluaghacht Fhir Thír Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na tíre rompa agus tugadh sgéala d’Ua Chonchubhair ann a dhún-árus [go]? rabh Ua Domhnaill go na shluagh chuig Ba mhór an Sgannradh do-san an tuairisg sin agus chár fhan le teacht flatha Thírchonaill na le na athardha do chosaint; acht do theich le gan mhoill gan mhailltriallán, agus Ghaill ann aoinfheacht leis, na ba mó a bhí fhios aca nach rabh ionnta seasamh ós coinne airm Aodha Ruadh. Mar sin de ar rochtain d’Ua Domhnaill maille le na shluagh go Caisleán Ua Chonchubhair chan fhuaradar ann triath no giolla, nó fós crodh, no caora, éadáil nó airnéis. Bhí an uile rud glannta amach rompa. Chá dearnad acht aibhleog do chur leis an chaisleán agus a dhóghadh go talamh. Chuir Aodh Ruadh amach, thar éis sin, sgeimhealta agus creachadóirí ar feadh na tíre
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge