School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gail na foghlaighthe le chéile agus d’fhág ‘na luighe iad san áit a rabh siad gur tugadh sgéala do Mhac Diarmada a bhí, na cheannphort ar an dúthaigh sin. Thug Aodh Ruadh aghaidh ar an óg mhnaoi ann sin agus d’fhiafraigh dí fáth an ghéibhinn ann a rabh sí. “A dhaoine uaisle, chréanmhara” ar sise, “mise Fionnghuala, inghean Mhic Dhiarmada, Muighe Luirg. Bhí mé ar cuairt ag duine mhuintear-dha dhamh. Ag teacht arais dúinn d’éirigh na trí bitheamhnaigh seo amach as an choill, stop siad m’ each-sa, agus thógadar mise ón diallaid ar an bhán agus chuir siad an toir ar an (ead) each eile gur tiomáineadh ar siubhal é féin agus a mharcach. h-órduigheadh damhsa mó fhleasg óir agus m’fháinní óir do bhaint díom agus a dtabhairt dóbhtha. Dhúiltuigh mé sin do dheanadh agus rug duine acha orm do ghréimh bhrollaigh agus dó(continues on next page)