Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
- Suíomh:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 187
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí beirt ghasúr ann aon uair amháin agus bhí lán mála cnapaí cruinnighthe aca.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go léanfadh siad iad. D’fhan siad taobh amuigh de’n bhabhdhún ag éisteacht leo.
Ní rabh dadaí le cluinstint ach “ceann damhsa, ceann duitse, ceann damhsa, ceann duit-se” ar fad. Ní rabh fhios ag na fir chia a bhí ann. D’éist siad ach sin a rabh ar a shon aca ní rabh le cluinstinn aca ach “ceann damhsa, ceann duit-sé.
Nuair a chaith siad tuairim agus uair mar seo. Dubhairt duine aca leis an duine eile “Sin deireadh” “Ní h-eadh” arsa an duine. “Caidé fá an bheirt atá taobh amuigh de’n babdhún. Sin ceann damh-sa agus ceann duit-sé”. “Siad na cnapaí a bhí i gceann na ngasúr ach shíl na fir gur iad fhéin agus gur Dia agus an Diabhal a bhí ann ag cunntas na ndaoine. Sgannruigh siad agus siúd an rása. Geall leat nar fhan siad le níos mó a chluinstint ach ar shiubhal leo agus níor stad siad ag rith go rabh siad ins an bhaile- Faisnéiseoir
- Aodh Mac na Mídhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Donegal