Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
- Suíomh:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 155
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear na chomhnuidhe thiar i mbaile na Carraice am amháin agus bhí sé pósta.”
SgéalBhí fear na chomhnuidhe thiar i mbáile na Earraice am amháin agus bhí sé pósta. Ní rabh aige ach n-inghean amháin agus bhí sise pósta thíos i Gcaisleán na Finne. Lá amháin tháinic an (fea(s)r cun) fear seo aníos ‘un na Dútharaidh a bhaint sgolb. Ní rabh sé i bhfad ag baint nuair a tháinic marcach fhad leis. Tháinic an marcach anuas agus d’fhiafruigh sé dé’n fhear ca rabh a leitheád seo a fhear na chomhnuidhe - dubhairt an fear gur bé eisean an fear ceudna. “Ó is maith liom sin” arsa’n marcach, “nó ghlac do n-inghean rud éigin indé agus mas maith leat breith beo uirthí caitheadh tú deifir a dheánamh” “Maise ba mhaith liom dhull na bhaile nó béidh bean an toighe mío-shuaimhneach, agus fosta níl orm ach bratógai”. “O bhal ma théid tú na bhaile fan sa bhaile nó ní fheicfidh tú do n-inghean beo. Smaointigh (an fear) an fear air fhéin agus sa deireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Donegal