School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaidh sé a luighe agus é breágh sásta.Bhí an buachaill bocht ar chrochadh annsin nó gur mhothuigh sé an fatach a' srannfaighil. Annsin tharraing sé a mhéar as an tiarán agus anuas leis. Shiubhail sé ar a lámha agus ar a chosa go bhfuair sé dhá ghiota iarrainn. Chuir sé an dá bhárr isteach sa teine gur dhearg sé iad. Fhad agus bhí an t-iarrann a' deargadh tharraing sé croiceann gabhair anuas ó'n chúpla agus chuir sé isteach air fhéin é. Chuaidh sé chuig an teine agus thug leis an dá ghiota iarainn anonn go dtí'n leabaidh a raibh an fathach 'n-a luighe ann. Bhí an fathach 'na luighe ar chúl a chinn agus sháith sé an dá ghiota iarainn isteach in-a dhá shúil gur dhóigh sé amach as a cheann iad. Thug seisean leim agus bhuail sé a chloigeann tuas ar an taobhán mhullaigh agus leig sé búithrígh as a cluineadh sa domhan thoir. Tháinig sé amach ar an urlár agus cha dtiocfadh leis dadaidh a fhághail. Bhí an dá ghabhair timeálta(continues on next page)
- Collector
- Brian Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tulaigh na Dála, Co. Donegal
- Collector
- Domhnaill Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 16
- Address
- An Seanbhaile, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac A' Bháird
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- An Tonn Bhán, Co. Donegal