School: An Cúil (Coole)

Location:
Cool Upper, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 11

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cúil (Coole)
  2. XML Page 11
  3. XML “Na Daoine Beaga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an t-sean-am bhí sean-bhaintreabhach na comhnuidhe léithe fhéin sa cheanntar seo. Ní fios cáidé an t-ainm bhí uirthí ach go bhfuil an teach inba mbíodh sí na comhnuidhe go bhfuil na ballógaí le feiceal go dtí an l lá indiú. Tá na ballógaí le feiceál ar taobh an bhealaigh mhóir ó'n scoil go Crannphuirt.
    Lá amháín bhí sí istigh ag brughadh brúitín fa choinne a dinneara. Nuair abhí an brúitín réidh aici shuidh sí síos chun bhidh. Sul ar mhothuigh (?) sí bhí fear beag 'na sheasamh i lár an urláir agus bearrad beag dearg ar a cheann.
    Bheannuigh an fear beag dithe agus bheannuigh sise do. "Suidh síos agus ith cupla spunnóg de'n bhrúitín" ars an bhaintreabhach leis. "Maise gura maith agat a bhean chóir," ars an fear beag biudeach, "Íosfaidh cinnte nó is fada an lá o fuair mé spunnóg brúitín."
    Shuidh an bheirt síos agus thosuigh an Cómhjrádh. "Maise níl aithne agam ort," arsan bhean leis. "Tá sean-aithne agam ortsa," arsa an fear beag "agus ba chóir duitse aithne a bheith agat orm nó is mé an comharsa is comhgaraighe dá bhfuil agat." "Agus cé thusa in-ainm an Rí" arsan bhean agus cá bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séarlas Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    An tEasán Dubh, Co. Donegal