School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 1
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ór i bhfolach - (Collector - Liam Ó Gallchobhair)Bhí fear sa cheanntar seo i bhfad o shoin ar an dtugtar Seán Crosa. Bhaineadh sé a gcuid airgid ó na daoiní saibhre agus roinneadh sé é ar na daoiní bochta.Sa deireadh beireadh air agus rinneadh príosúnach de. Sé an breithiúnas a fuair sé na é a bheith crochta. Nuair a bhítear a chrochadh dubhairt sé, 'an bhfuil duine ar bith anseo a bhfuil Gaedilg aige?' Sé an freagra a fuair sé go raibh. 'Tá lán croiceann searraigh d'ór' ar seisean ' ar cnoc loch na sailte' 'agus an dóigh a bhfuighidh sibh é na suibhail libh suas an cnoc agus nuair atá sibh ar amharc loch na sailte agus an fhairrge mhór san bhomaire cheanna tá an t-ór faoi bhur geosa' An fear a raibh an Ghaedilg aige agus a thuig na focla a dubhairt sé tháinig sé go cnoc loch na Sailte. Chuartaigh agus cuartaigh sé ach ní bhfuair sé gach. Sa deireadh chuala muinntear na háite (muinntear mo cheannair féin) fán ór. Chaith siad laetha ag cuartughadh ach ní raibh gar ann. Is iomaidh duine ó shoin a sheasaigh ar an cnoc chéadna ag iarraidh na háite a fhagháil go bhfuil loch na Sailte agus an fhairrge mhór le feicéal san am cheadna ach ní bhfuair an duine arainh é .Tá an -ór annsin go fóill agus beadh sé i bhfolach annsin go dtigidh.(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An tEasán Dubh, Co. Donegal
- Informant
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An tEasán Dubh, Co. Donegal