School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 38
- XML “An Ghorta Mhór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an bhliadhain 1845 tháinig an Ghorta Mór agus mhair sé ar feadh dhá bhliadhain. Ar feadh dhá bhliadhain ní rabh biadh ar bith chomhair ag na daoine. I bPaoriste na dTuatha bhí siad caillte leis an ocras.
Nuair a thoisigh an Ghorta bhí na céadtaí na gcomhnuidhe ann agus nuair a bhí sé thart cha rabh duine ar bith chomhair ann. Cuid aca d'imthigh siad go tíorthaibh eile agus cuid aca fuair siad bás leis an ocras.
Chuaidh an Ghorta fríd an tír agus na daoine nach bhfuair bás d'fhág sé lág iad. Nuair a bhí sé thart bhí luthghair ar na daoine agus thug siad buidheachas do Dhia. Bhí fhios aca dá rachadh an ghortach ar aghaidh nach mbéadh duine ar bith aca beo.- Collector
- Máighréad Haimlet
- Gender
- Female
- Address
- Carnagore, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Ó Fhrighill
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Dunmore, Co. Donegal