School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 14
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúpla lá roimh an Nodlaig ins an bhliadhain 1894 bhí oidhche doineann ann. Oidhche na gaoithe móire a bheir ba daoine air nuair a bhíonn siad ag tracht air anois.
Ní fhaca siad comharthaí ar lith go rabh an doineann ag teacht ach ag am luighe d'éirigh an ghaoth agus i gcionn tamail thoisigh an tairneach agus an soillse. I n-áit socrughadh mar bhí an oidhche ag dul thart bhí sé ag éirighe níos measa agus bhí an ghaoth ag éirghe níos laidre de réir nar bhí sí ag séideadh. D'fhan sé mar sin go teacht an lae lá thar na mhárach.
Ar maidin bhí an ceann séidhte de chomhair achan teach ar an Ghleann Árd agus i gCoill. Bhí mórán crann leagtha trasna na mbealaigh móra agus bhí mórán trioblóide annsin do na daoine. Cha déarn an soillse dochar ar bith fá'n áit seo.- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal