School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí an áit annsin, agus nil focal eile fa dtaob do Maolmuire. Dhíol Tomson Coran Binne do an Captaoin Stubhairt san bliadhain 1700. Se oifigeach ann arm Ríog Liaim a bhí an Stúbhairt seo agus chaill sé cos amháin ag an Bhoinn.Sé saighdiuir breágh calma a bhí ins an fhear seo no nuair a bhí sé 70 bliadhna de aois thuit sé sé fhéin agus an Wray óg as an Ards amach fa dtaob do rud inteacht, agus chuir an Stubhairt dubhslán annsoir an Wray le troid a deanamh leis le Claidheamacha agus se Mhullac an Mhuiceasa an áit, acht bhí eagla ar an Wray agus cha dtriodfeadh se (?) leis an Stubhairt. Sé as an Alba a thainic sé agus bhí se iontach bródamhail cionnus go rabh siad na Stubhairt ceadna le Máire Banrioghain na h-Albanach. Acht sé an creideamh galda a bhí acú mar sin féin.Ní rabh na Stúbhairtí seo ro-olc agus níor cuir siad ro-chruaidh ar a gcuid Teanant ariamh agus shaoil muintear na h-áite a moron dobhtha. Thug siad obair go leor do na daoine thart fa'n áit, agus cuidigh siad na daoine bochta go minic fosta, agus bhí siad comh maith do na daoine Gaedheal agus bhí siad le na daoine Galda. Chonnuigh siad an áit síos go dtí an bliadain 1934 agus dioladh an áit san bliadhain sin le Coimisiún an Talaimh agus sin an deireadh a bhí le tighearna talaimh eile as an Paróiste seo agus anois níl ceann ar bith ann. Tá siad uilig ar siubhail arais go dtí an tír a thainic an cead duine acú as níos mó no trí chéad bliadhain o shíon, agus níl duine ar bith ag caoinedh nar ndiaidh.
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir