School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 261
  3. XML “Cluain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Se ballaí na roilige atá faghtu ann anois, a san am a chuaidh thart trí no ceithre chéad bliadhain o shion bhí mainistear mór ann agus is le braithre Naoimh Phriónsuis a bhí se. Tá sgeál ameasg na daoine annseo go fóil fa dtaob an dóigh a togadh an mainistear sin an cead uair.
    Aibreann siad go rabh fear na chomhnuide ins an Innis Éoghain bordaig ar cúig chéad bliadhain o shoin. Fear saidhbhear a bhí ins an fhear ceadna acht mo bhrón se fear olc a bhí an agus chaith sé droc-shaoghal go rabh se na fear meadhan aosta. Ní deachaidh un Aifreann ar Dia Domhnaigh agus bhí se a dtolamh ag ithte agus ag ól agus shaoil se féin go rabh sean-am breágh ar fhad aige. Acht thuit sé tinn am amháin agus leóga, bhí se tinn da rairibh. Shaoil ach a'n duine go rabh se ag dul a fhaghail bháis. Tháinic eagla a chorp ar an fhear - eagla go rachadh sé síos go h-Ifreann agus thoisigh sé ag scartaigh ar shagart. Tháinic an sagart chuige agus d'eisg se a fhaoistin. Cibé coír a bhí deánta ag an fear chuir se aithrighe trom air. Dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé triuír mhainistear a chur suas ag trí áiteacha a rabh Cluain mar ainmeacha orthu. Fuair an fear biseach as an tinneas trom a bhí air agus dubhairt gurb e an sagart a leasadh é, agus thoisigh se ag cuartughadh fa choinne na trí h-aiteacha le na mainistearu a chur suas. Fuair sé áit amháin comhgarach leis an áit a rabh se féin na chomhnuide. Se sin an Cluan Mhanaigh ins an Inis Eoghain. Fuair sé an dara Cluan i gConndae an nDoire, se sin an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Droim na Rátha, Co. Donegal
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir