School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain 1651 - sé sin níos mó no seasga bliadhna sul a rugad Eanos - d'fág na manaigh a gcuid foglaim na ndiaid agus mhair se fa choinne bliadhanta. Ghidh nac rabh mainistear ar bith acu anois d'fán na manaigh thart fa'n áit ag caitheamh oidhche ins an teach seo agus oidhche eile ins an teach suid thart fa'n paroiste, ag teagasc na daoine agus ag coinnneal fogluim beo. Leóga bí corr manach ins an paróiste seo suas go dtí cead bliadhain o soin. Fuair an "Friar Cuirning," bás i dteac Domhnaill Ui Cheallaigh ag an Mais an Easa, comhgarac leis an Craosloch annseo roinnt beag bliadhna níos mó no chéad bliadhain o shoin.Sin a dóigh a fuair Eanos a chuid fogaluim, agus nuair a bhí se ocht bliadhain dheag bhí cuid mait de leigheamh aige agus bhí eolas maith aige ar Laidin. Bhí na sagairt gann i nEirínn ag an am sin, agus an corr ceann a bí ann bhí droch dóigh a gceart orthu, agus ní rabh móran suibhneas (?) acú, cionnus go rabh na muintear galda ag seilig iad i gcomhnuidhe acht mar sin fein níor cuir seo coisg ar bith ar fir óga calma a fhogam a bheith na shagart. Chonnaic Eanos ó an dóigh bocht a bhí ar na daoine thart fa dtaobh dó, gan sagart acht corr am anois agus arais thiocfadh ceann an bhealach. Dubhairt se leis féin go mbeadh se na shagart agus go racadh sé thart ag teagasc na daoine. B'eigean do fear óg a dhul go Paris sna Fhrainc ag an am sin agus roint mór bhliadhain a chaiteamh annsin sul a mbeidh se réidh.(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir