School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 222](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_222.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 222
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Char labhair an t-athair go ceann tamaill, agus annsin dubhairt sé go rabh an cuibhreann sin a dtolamh deacair le h-oibreadh cionnus go rabh an cairn mór chloice in a lár agus go rabh se a dtolamh ins an bheallac."Bhal, leóga," arsa Domnall," ní bhéid se a bhfad ins an bheallach, no thoisigheochaidh mé i mbarach, agus togfaidh me gach cloch atá ins an cairn sin agus cuirfidh me claidhe maith cloiche thart fa'n cuibhrinn sin le na cloicibh."
"Sé mo chomhairle duit," ars'an t-athair, na bain leis an chairn sin, no chualaidh mé na sean-daoine a radh go mion agus go minic nuair a bhí mé óg gur áit uasal an cairn ceadna agus go dtiocfadh droc-rath ar duine ar bit a mbainfeadh leis, agus ar an adhbhar sin, a Mhich Ó, na bain leis an cairn sin."
"Níl ins an cannt sin acht pisleóga" arsa Domhnall, agus caidé an dóigh a mbéadh cairn cloice mi-adh a cur ar duine ar bith? le cuideadh de toisigheochaidh me air ar maidín i mbarach."Chuir an t-athair in a éadan, an mheid a bhí ann a chorp, a radh go mbeadh an cairn as an beallach a bfad ó shion, acht amháin ins an tsean-aimsear bhí eagla ar gach fear a bhaint leis an cairn, agus is cinnte go rabh rud inteacht ann - bfeidir corp duine marbh - agus mar a deirfeadh na sean-duine, "Fág maith go leor leis-féin.Acht cha rabh Domhnall sasta. Char bain sé leis an cairn go ceann cupla lá, acht maidin an tríomhadh lá(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir