School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 220
- XML “Séamus Ó Domhnaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an leitir damh. D'fág mé slán leis an captaoin annsin agus dimthigh mé liom ag tarraingt ar mo bhaile ann Éirinn. Áit ar bith a fuair me trobloid ar bith no rabh agam acht an leitir a fuair me on fhear mhór a theisteint agus bhí gach rud i gceart ar an bomaite. Ins an dóigh seo fuair me-fhéin agus mo chapall beag comh fada le Glascú. Bhí long annsin a dheanamh reidh a dhul go h-Eirinn, agus fuair mé-fhéin agus mo chapall ar bhord. Seol muid an trathnóna ceadna, agus i gcionn an cúigeadh la scroich muid Dóire. Chuaidh me ag maracach ar an capall beag annsin, agus níor stád muid go rabh muid na bhaile annseo, agus se sin an sgeal a d'innis Seamus O Domhnaill nuair a tháinic se na bhaile - an fear a shaoil 'ac' a'n duine a bheith marbh. D'fan Séamus beo go rabh se iontach sean ar fad agus is iomdha uair a d'innis sé an sgéal fa dtaob do an ama a dimthigh sé go Barra i gcuarach bheag gan duine ar bhith leis act e-fhéin. *
* Bhí me shíos i dteach mo mhathra ar Dia Domnaig (10/1/37) agus d'innis sí dam gur ins an bliadhain 1781 a sciobadh Séamus O'Dhomhnaill amach san fhairrge ins an cuarach.- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir