School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'amharc me thart acht cha rabh a dhath a bheith le feiceal. Thoisigh mé ag obair arais acht cha rabh me dhá bomaite ag obair nuair a thoisigh an tarbh ag geimnigh síos anns an lug.
"Dia ar sabhail," arsa mise liom fhéin, "Caidé sin?" agus bhuail an eagla orm ag an am ceadna agus h-obair gur thuit me ann áit mo bhonn. Bhí an chéad bhuifrigh fa thuairm ceatramhadh míle uaim acht nuair a tháinic an dara cheann, agus é a bhfad níos airde no an cead cheann no rabh (?) se leath an fhad sin ar shiubhail. Bhí an eagla orm da riribh anois agus cha rabh fhios agam caidé le deanamh, acht an dhara bomaite leagadh an geimeach mhór ag mó thaobh agus as go brath liom agus an tarbh ann mo dhiaidh. Rith me an oidhche sin níos ghaisce no rith me ariamh agus níor stad mé go rabh me ag an doras agus nuair a bhí me ag dul isteach leag an tarbh buifrigh amháin as a chraich na sgleataí ar an tigh. Mhusgail m'athair agus chuir sé ceist orm caidé ba cearr. D'innis mé dó go dtáinic an tarbh as Lug an Tairbh orm agus gur chuir sé an tóir orm go dtí an dorais. Fuair seisean an t-uisge choiscreach agus chaith sé cuid orm. Thart fan teach agus amach as an dhoras, d'imthig an tarbh leis ar an bhomaite agus bhí muid ábalta e a chloinsteal go rabh sé shíos i Lug an Tairbh arais. Cuirfidh me gheall níor imthigh mise amach a obair ins an phurtach i lar na h-oidhche o'n lá sin go dtí an la indiu."Sé sin an sgeal a d'innis Seán Ó Gallchobair fa dtaob de Lug an Tairbh. Acht thainic an tarbh ar leir daoine eile comh maith le Seán, agus oidhche amháin thainic se orm(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 75