School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)no coisceim le cloinsint. Shiubhail me síos giota maith ag amharc isteac ann 'ach a'n leabaidh nuair a bhuail an eagla orm agus h-obair gur thuit me fríd an urlar. Rith me liom agus 'ach a'n ribe ghruaige na sheasamh ar mo cheann agus isteach sa leabhaidh liom. Thoisig an fuar allus ag briseadh amach orm agus cha rabh ann acht nac bhfuair me bás leis an eagla. Tá me cinnte ma dtaínic an laimh orm arais go mbeadh mé marbh ar maidín. Bhí mé mar sin go dtí an mhaidin agus nuair a d'éirigh muid ag a sé a clog cha rab ann acht go rabh me ábalta a shiubhail bhí me comh lag sin.Bhí fear óg ins an Coláiste go rabh mé mór leis, agus casadh sé orm agus d'fiafruigh sé daimh caidé bhí cearr liom. Bhí seisean ins an Choláiste an bliadhain roimhe. D'innis me dó fa dtaobh dó an rud a tharlaigh damh. Smaointeadh se tamall agus annsin chuir sé ceist orm fad dtaobh do an leabaidh a bhí me ann. D'innis mé dó agus arsa seisean,
"Fuair buachaill bás ins an leabhaidh sin anuiridh, abair páidir fa na choinne 'ach a'n mhaidin agus 'ac a'n oidhche agus cuirfidh me gheall ní dtiocfaidh sé ort níos mó."
Rinne mé mo codladh ins an leabhaidh sin, agus sé sin an chéad thaidhbhse a thainic orm ariamh, act ní dearfa (?) mé dearmad air fhad agus bheás mé beo.- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir