School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 104
- XML “Liam an Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)A bhfád, a bfád ó sion, bliadhantaí sul a dtáinig Naom Pádruig go h-Éirinn, bhí fear na chomnuidhe i gCoran Binne darbh ainm Liam. Sé figheadóir a bhí ann agus ar an adhbhair sin, sé an t-ainm a bhí ag na comharsanaigh air Liam anFigheadóir. Bhí cró beag agus giota beag de thalamh bhriste aige. Bhí bean mhór reamhar agus lán toighe de páistibh aige le coinneal suas agus ar an adhbhar sin b'eigin dó a bheith ag obhair ó mhaidin go dtí an oidhche.D'obair sé ins an tigh rith an gheimhridh ach nuair a thainig an t-Samhradh badh gnathach leis a bhoghadh amach go bun bhinne mhóir aird a bhí giota beag o'n tigh. Thaitean sin go maith leis no bhí a chuid fhoighne cor a bheith briste leis an torman agus an racann agus an callan rinne an bhean agus na páistí ins an toighe. Leis an fhirrine a radh bhí na páistí i dtolamh ag troid agus ag caoineadh agus an mhathair ag bualadh ortú cionnus gur shaoilfea gur ifreann é-fhéin a bhí ann.Fear beag cunafach a bhí i Liam agus chuirfeadh an rud a badh lugha ar an dhraoi é. Lá deas amháin i dtús an Samhraidh bhí barraidheacht oibre le deanamh ag Liam. D'éirigh sé go breágh luath, ac ma déirigh sé féin thoisigh an bhean ag tabhairt droch-chainnte dó agus bhí racann ríoghmhail eadarthú. Thug Liam leis an t-seol agus leis go bun na binne gan bhriocfastu nu a dhath, agus thoisigh sé ag obair. Lá breágh te a bhí ann agus roimh a bhfad rinne se dearmad ar an conspuid a tharlaigh(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Anne Durning
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 86