Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo acht is Albanaigh a chuirtear i i roilig Ráithe agus i roilig Chillulta, tá Albanaigh agus Caitlicigh cuirthe ins an sean roilig atá i mBaile-na-Bó.
Ní fada ó cuireadh daoine i cuid de na roiligí seo.
Cuireadh leanbhaí gan baisteadh ins an roilig Ceathramhadh Ceannain.
Úsáidtear na h-aitheanna seo go fóill.
Tá píosa seanchas ag baint leis an roilig atá i nGort-a-Choirce. Deireann na daoine atá fán áit dá n-abrochadh duine rud ar bith deireann siad nach mbéidh sé i bhfad go béidh siad na luighe i gharramh Jack, nó is le fear darbh ainm Séan gur leis an garramh, acht níl seanchas ar bith ag bainrt leis na reiligí eile.
Cuireann cuid de mhuinntir na parróiste lasmuigh ins na reiligí.
Níl aon clocha órnáideacha i reilig ar bith ins an pharróiste seo.
Ní fada ó cuireadh daoine i roilig Ceathramhadh Ceannain, acht is fada ó cuireadh daoine ins na triúr eile.- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal