Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis í a fághail uadh gan ceud.
2)An té a shuidhfeadh in a cathaoir nach dtiocfadh leis éirigh gan ceud uadh-san
3) An rud a rachfadh isteach in a sparán nach dtiocfadh leis a theacht amach go dtabhairfeadh seisean cead dó.
Bhí cuid mhór peacaidh deánta ag an ghabha agus lá amhain thainig diabhall fá na choinne. Beir ar an órd seo go gceanglothaigh mise iall mó bhróige agus annsin beidh mé leat" Bheir an diabhall ar an órd ach ní thiocfadh leis í a fhágail uadh. Dubhairt an diabhall le Liam a rádh leis an órd stad agus tuiteam uadh agus nach dtabharfeadh sé lá buadhartha go deó dó. Leig Liam dó'n órd tuitim agus d'imthigh an diabhal. An lá thar na bhárach thainig diabhal eile fá na choinne. Shuidh sé ar an chathaoir le na sgithiste a dheanamh ach ní thiocfadh leis éirigh dithe. "Ó leig damh éirigh" arsa an diabhal "agus imheochaidh mé uait." Leig Liam dó éirigh agus d'imthigh sé. An tríomhadh lá thainig diabhal eile fá na choinne. "Gabh isteach in mó sparán" arsa an gabh" agus rachaidh mé go dtí teach leanna go bhfuighidh mé deoch. Chuirfidh mé i gcéill gur airgead ata ann." Rinne an diabhall mar h-iarradh air ach ar an droch uair ní thiocfadh leis a theacht amach airíst. Annsin dubhairt Liam "Beidh tú annsin anois go dtabhairfidh tú isteach go n-imtheochaidh tú agus nach dtiocfadh tú mó cómhair níos mó." Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Gabhna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal