Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 11
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(117) Tá sé go cruinn le liath-róid agus go fada le claidhe.=: Frg. Cearthlinn sugáin
(118) Caidé na dtig le Dia a dheánamh=; Dhá chnoc gan gleann iotra
(119) Dá 'mbéadh trí uibh ar an tábla cé an chead chionn a d'iosfa= Frg. - An cionn corr
(120) Coilleach géim ins an ghleann, cleite dubh, cleite bán cleite d'éag i mbun a rubaill corradh agus céad in a dhruim =: Frg.leabhar
(121) Dhá bhó bhána ar taoibh an t-sleibhe ceann san oidhche, ceann sa lá, má ta siad le feiceál le cheile san aer ní mhairfeadh Éire beo = Frg -gealach agus grian
(122) Caidé an duifir atá idir an diabhal agus an gárda =Frg.- Bheirfidh an diabhal leis an t-anam agus bheirfidh an garda leis uilig tú
(123) Tobar beag uisge ar bhárr an cnuic. Fuinneoghín gloine agus doraisín clé = Frg. Súil
(124) Caidé théid thart ar an teach agus cliabh-fhoirste na dhiaidh = Frg. Cearc ghir agus éanacha na diaidh
(125) Fear mór lom le teacht Samhna ag caoineadh cloinn agus tá sé lag fann =: Geimhreadh
(126) Caidé an rud a dheanfas péire bróg=: Frg. Dhá bhróg
(127) Cailín beag amuigh annsin agus í ró rannac [?] cóta maith plúid agus plainncead =: Frg. Dearnaid
(128_ Deirgín, déirgín, bual an ball dubh-:Frg. Pota crochta ar an teiní.(leanann ar an chéad leathanach eile)