Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal.
    ‘Fear Beag Ribeach Ruadh agus Sgaibe Beag na nGearbh.’
    Bhí fear agus bean ann uair amháin. Bhí mac aca a [rabh]?
    Sgaibe Beag na nGearb air. Bhí Gearba air, lá amháin dhubhairt an fear leis an mhnaoi go mbáithfeadh siad é. Dhubhairt an bhean gur mhór an truaighe sin a déanamh leis. Dhubhairt an bhean leis bocsa a déanamh agus é chur isteach ann, lán a thabhairt dó agus é chur amach ‘san fhairrge. Rinn siad sin leis.
    Nuair a bhí sé amuigh tamall fada tháinic sé isteach ar thalamh deas tirm. Suidhe sé síos ag dul a ithe an lóin agus chonnaic sé fear beag ribeach ag tarraingt air. Chonghbhuigh sé giota de’n arán fa choinne an fhir. Nuair a tháinic sé go dtí é thug sé giota de’n arán do. Nuair a bhí an t-arán ithte aige, tháinic thart ar sgaibe agus d’innis an fear ruadh do cá h-áit a bhfuigfeadh sé deoch. Thaisbean sé tobar do agus dhubhairt sé leis rithfeadh siad- cé ar bith a bhainfeadh an rása go bfuighfeadh [?] an tobar do féin. Bhain an fear ruadh an rása agus d’ól sé an tobar. Thaisbean sé ceann eile do agus rith [sé]? féin agus d’ól sé é leath an tobair. D’iarr sé ar sgaibe an leath eile a ól. Nuair a bhéadh sé ag ól an uisge a cheann a chur síos ann. Rinn sé sin agus nuair a thóg sé aníos a cheann bhí ceann óir air. Bhí na gearba ar shuibhal de. D’innis sé do, teach a racadh sé ann ar loistín, agus d’iarr sé air dul le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghiolla Bhríghde
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na gCeapairí, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Anna bean uí Ghallachobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Donegal