Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 111
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgealBhí gabha í na comhnuide í gCondaí-Dun-na-Gall fadó agus bhí sé pósta ar bean dolbha a bhéadh ag troid le na leas-mháthair i gcomhnuidh. Lá amháin bhí sé na seasamh i ndoras an cearta agus a gualain leis an ursainn nuair a cualaidh sé torman capaill ag teact aníos bealach cúil í gcúl an toige. D’amharc sé tart as caidhé chonnaich sé ach fear beag baoidheach ruadh agus capall leis na rabh (rios) níos mó na madadh. Diarr sé iasacht na teineadh as na sgine ar Magnus an gabha. Tug Magnus céad do iad á beith aige agus cuir sé síos teine maith dó. Annsin tug an fear (leis) ruadh leis an sgian agus cuaidh sé go dtí chloich a bí taobh amuigh de’n doras agus bhí sé ag cur [feabhar]? uirtí go dtí go rabh sí chom géar le rásúr. Annsin gearr sé na cosa de’n capall agus dinn sé isteac faoí’n teineid iad. Séid sé na builig agusn níor bfada gur tarraing sé amach arís iad agus péire úr cruiteacha orta. Annsin cuir sé ar an capall arís iad agus tug sé buidheachas do Mágnus agus dimhtig sé leis. Tamall na diaidh sin tainig an ríg go dtí Magnus agus capall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padraig Ua Fearraidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Comgaill
- Inscne
- Fireann