Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dunlewy, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Paidí na Máirtín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidí na Mhairtín
    Bhí fear na comhnuidhe i n-Dún- a - lúithche agus ba ghnáthach leis a bheith ag buachailleacht caorach do fhear anall as Sasain. Am amháin bhí fear na Sasana fá choinne cuid do na caoirigh a thabhairt anonn agus tháinig sé anall fá na gcoinne agus bhí aige le iad a thabhairt amach go Doire agus ní rabh duine ar bith le cuideadh leis agus chuir an fear a bhí da mbuachailleacht a mhac le cuideadh leis.
    Ba ghnáthach leis an mhac mártinní a chaitheamh agus Paidí na mártin a bhí mar ainm air agus nuair a chuaidh siad amach go Doire thug fear na Sasana punt do agus d’fhág siad slán ag a céile agus dimthigh Padaí agus chuaidh sé ar loisdín a dteach bheag i nDoire ar feadh na h-oidhche. Nuair a tháinig an oidhche tháinig dha fhear isteach agus thoisigh fear acu ag léigheadh nuaidheachta don mhéid a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1361: The Flood
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheal Mac Cumhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Cuinge, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Cumhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Cuinge, Co. Donegal