Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- Doochary, Co. Donegal
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Pobail agus chuaidh sé isteach.
Nuair a bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn bhain sé a chóta de agus chaith sé ar ghath gréine í agus choinnigh an gath suas í. Lean sé iad an dara lá mar a gcéadna. Nuair a bhí siad fá ghiota de theach an Phoball chualaidh sé beirt bhan ag diospoireacht agus sheasuigh sé ag eisteacht leobhtha go rabh sé mall. Rith sé annsin go rabh sé ag teach an Phobail. Nuair a chuaidh isteach bhain sé de a chota agus chait sé ar/ghath gréine í ach thuit sí go talamh.
Nuair a bhí an t-Aifreann thart d’iarr an Sagart air a teacht cun cainnte leis. Nuair a chuaidh sé go dtí an (Sagai) Sagairt. D’fiaruigh sé do goidé an peacadh a bhí déanta aige indiú nach rabh deanta aige Dia Domhnaigh a chuaidh thart. Dubhairt seisean go rabh sé ag éisteacht le beirt cailleach ag diospóireacht. Annsin dubhairt an sagart leis go gcaithfeadh sé seasamh i láir na h-abhna go bh’fasadh crann glas amach as mullach a chinn nó nach dtiocfadh leis maiteamhnas fhághal go dtí go n-déanamh sé sin. Nuair a bhí sé amuigh tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal