Scoil: Dubhchoradh

Suíomh:
Doochary, Co. Donegal
Múinteoir:
Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhchoradh
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Banríon Árainn Mhóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    S’ caoineann sí “A Domhnaill díl.
    Go n-éirighe le do thriall”
    Ó a Gráinne Óg Ní Baoghill
    Ní cluinim tú faraor.
    Tá mé ag dul thart cúl Toraigh Mór
    Ag fágailt amharc mó thír
    Tchím cruaca árda Thír Conaill uaim.
    Mar duilligean san mhuir
    Acht ní sgarfaidh tír na tonnaí sinn
    A Bháinríoghain Áráinn Mór
    Ó mó bheannacht go ró-siorruidhe leat
    A Éire bocht na ndeór
    Is truaige nach bfhuil mé le do thaobh
    A Domhnaill chaomhamhail cóir
    Ach tír mó bhreith ní fágaidh mé
    Ar saidhbreas mhór an domhain
    Béidh mise beo fá na shléibh gheal ceó
    Mar na sinnsear a tháinig romhain
    A maigdeán mhanla óg gan smál
    Sé mó bhrón bheith dul i gcéin
    Ag fágailt tú faoi chumaidh caoin
    S’ mó Ará (mhian) dhílis féin
    Ba e mhian gach lá dén bhliadhain
    Bheit comhrádh leat a stóir
    Nó grádhuighin sé an fód a siubhlann tú
    A bainrighain Arainn Móir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Mhic a Dhiarmuda
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Doire na Coradh, Co. Donegal