Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Glenties, Co. Donegal
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá mbéadh tú ag cur do stocaí ort ar maidin agus ceann amháin aca a chur ort ar dtús agus annsin dó bhróg a chur ort bhéadh mí-ádh ort an lá sin.
Shíl na daoine nár cheart gúna nua nó bróga nua a chur ort gan comhartha na croise a dheanamh ortha.
Shíl na daoine fosta nár cheart shálachar a sguabadh amach ins an oidhche.
Shíl na daoine fosta nuair a thigeadh cat dubh isteach san teach chuca go mbéadh ádh ortha an lá sin.
Shíl na daoine ins an t-sean ám fosta dá bposfaidhe duine ar bith lá ar bith sa t-seachtmhain acht amháin Dia Luain agus Dia Máirt go mbéadh mí-ádh ortha.
Shíl na daoine fosta nár cheart do dhuine ar bith a phósadh i mí Bealtaine nó dá bpósadh go mbéadh mí-ádh ar an lanamhain sin.
Síl na daoine fost nár cheart gúna ghlas no chota glas a caitheamh mar dath mí-ádh iseadh é.